An tOnórach an Breitheamh William M. McKechnie
Rugadh an Breitheamh Onórach William McKechnie i gCorcaigh in 1951 agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Bhráithre na Toirbhearta, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ónar bhain sé a chéim amach in 1971, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath.
Glaodh chun an Bharra air in 1972 agus chun Bharra na Sinsear air in 1987. Agus é ina Abhcóide, ba i réimsí na tráchtála, na seansaireachta agus an dlí údaráis áitiúil ar chleacht sé, agus bhí suim ar leith aige i bhfaillí míochaine.
Bhí roinnt poist shinsearacha aige i gComhairle Bharra na hÉireann ar feadh roinnt blianta, toghadh é ina Chathaoirleach ar an gcomhairle sin in 1999, agus atoghadh é arís ann in 2000.
Ceapadh é ina Bhreitheamh den Ard-Chúirt in 2000 agus chuaigh sé i gceannas ar an liosta iomaíochta in 2004. Agus é ag feidhmiú amhlaidh, ba faoina stiúir a bhí na cásanna iomaíochta uile a bhí ann, sibhialta agus coiriúil araon. Ba eisean a rinne an chéad Dhearbhú Neamhluí faoi Acht an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, 2003, i gcás Trasinscne, Foy –v- an tArd-Chláraitheoir.
Bhí an Breithiúnach Onórach McKechnie ina Chathaoirleach den Bhinse Luachála idir 1995 agus 2000 agus ó 2002 i leith tá sé ina Chathaoirleach ar an mBord Eagarthóireachta d’Irisleabhar na hInstitiúide um Staidéar Breithiúnach. Bhí sé ina bhall de Bhord na Seirbhíse Cúirteanna agus den Choiste Déanta Rialacha freisin.
Ceapadh é chuig an gCúirt Uachtarach i mí an Mheithimh 2010.
In 2010, toghadh é mar Uachtarán an Chumainn Breithiúna um Dhlí Iomaíochta na hEorpa, a dhéanann ionadaíocht ar son na 28 Ballstát uile den Aontas Eorpach, chomh maith le Breithiúna ón gCúirt Bhreithiúnais agus ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus ón gCúirt EFTA. Is é an tríú duine a bheith ina Uachtarán ar an gCumann, ag teacht i sála Sir Christopher Bellamy agus an Dr Joachim Bornkamm.
Tá roinnt páipéar scríofa aige, is iomaí comhdháil ar ghlac sé páirt inti nó a ndearna sé cathaoirleacht uirthi, agus thug sé an 4ú Léacht Bhliantúil den CCJHR i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ar an 4 Márta 2010. Tá Céim Mháistreachta i nDlí na hEorpa aige.
Is Binseoir é de Chumann Onórach Óstaí an Rí.
|