Eolas faoin gCúirt
Eolas faoin gCúirt Uachtarach
Is í an Chúirt Uachtarach, a bunaíodh faoi réir Alt 34 de Bhunreacht na hÉireann, an chúirt achomhairc dheiridh.
Dlínse Achomhairc
Tá athruithe suntasacha curtha i bhfeidhm maidir le dlínse achomhairc na Cúirte Uachtaraí mar gheall ar theacht i bhfeidhm na leasuithe a chuimsítear sa Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (“an Tríú Leasú is Tríocha”) ar 28 Deireadh Fómhair 2014. Ba é 28 Deireadh Fómhair (“an lá bunaithe”) an lá ar a mbunaíodh an Chúirt Achomhairc de réir an Tríú Leasú is Tríocha.
Le héifeacht ón lá bunaithe, feidhmíonn an Chúirt Uachtarach dlínse achomhairc, faoi chuimsiú cibé rialacha a ordófar le dlí -
(a) ar bhreith ón Ard-Chúirt más deimhin leis an gCúirt Uachtarach-
i gur breith í lena ngabhann ní a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann, nó
ii gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, achomharc chun na Cúirte Uachtaraí a bheith ann (Airteagal 34.5.3 an Bhunreachta) agus
(b) ar bhreith ón Ard-Chúirt más deimhin leis an gCúirt Uachtarach go bhfuil imthosca neamhchoiteanna ann a fhágann gur gá achomharc díreach chuici a bheith ann agus, chun gur deimhin leis an gCúirt Uachtarach amhlaidh, is réamhchoinníoll é gurb ann do cheachtar de na tosca seo a leanas nó dóibh araon:
i gur breith í lena ngabhann ní a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann;
ii gur ar mhaithe leis an gceartas é (Airteagal 34.5.4 an Bhunreachta) .
Leagtar amach an dlínse agus na cumhachtaí atá ag an gCúirt Uachtarach ó 28 Deireadh Fómhair 2014 sa rannán “Dlínse” den suíomh gréasáin seo.