Probháid a mhíniú

Is próiseas dlíthiúil é probháid a d’fhéadfadh a bheith le críochnú tar éis do dhuine bás a fháil. Dearbhaíonn sé bailíocht uachta (má tá ceann ann) agus tugann sé an t-údarás do dhaoine atá i dteideal de réir dlí déileáil le heastát an duine a fuair bás.

Nuair nach bhfuil probháid ag teastáil

B’fhéidir nach mbeidh ort iarratas a dhéanamh ar phrobháid sna cúinsí seo a leanas:

  • Comhúinéireacht i measc céilí: Má bhí sócmhainní ag an duine a fuair bás agus ag a gcéile i gcomhpháirt, is gnách go n-aistríonn na sócmhainní sin go díreach chuig an gcéile marthanach gan aon ghá le probháid (mar shampla: réadmhaoin nó comhchuntais bhainc).
  • Cuntais le níos lú ná €20,000: Má tá airgead i gcuntas nach comhchuntas é agus má tá an méid faoi bhun €20,000, b’fhéidir nach mbeadh deonú ionadaíochta ag teastáil ón mbanc chun teacht ar an gcuntas. Beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an institiúid airgeadais chun a bhfuil de dhíth orthu a sheiceáil, mar tá a gcaighdeáin féin ag gach ceann díobh.

Cathain a theastaíonn probháid?

Más rud é gur fhág an duine a fuair bás maoin agus/nó airgead ina ainm aonair, is gnách go dteastaíonn deonú ionadaíochta chun:

  • Úinéireacht réadmhaoine a aistriú nó réadmhaoin a dhíol.
  • Rochtain a fháil ar airgead atá in institiúidí airgeadais (déan teagmháil leis an institiúid chun a dheimhniú cad atá riachtanach i do chúinsí).
  • Déileáil le sócmhainní in Éirinn a d’fhág duine a fuair bás lasmuigh d’Éirinn.

Sócmhainní an duine a fuair bás a aithint

Sula ndéantar iarratas ar phrobháid, beidh ar an seiceadóir nó ar an riarthóir sócmhainní an duine a fuair bás a scrúdú. Áirítear leis sin aon shócmhainní i gcomhúinéireacht nó aon réadmhaoin a raibh leas ag an duine a fuair bás inti.

Beidh luach na sócmhainní uile de dhíth ort mar a bhí siad ar dháta an bháis.

D’fhéadfadh sé go mbeidh ort luachálacha a chur isteach mar chuid de do fhoirmeacha probháide agus chun aon táillí is infheidhme a ríomh.


Seiceadóir (nó riarthóir) a cheapadh

Is é/í an t-ionadaí pearsanta an duine atá freagrach as an eastát a riaradh faoi dheonú ionadaíochta. Má tá an duine sin ainmnithe san uacht chun déileáil leis an eastát, tugtar seiceadóir air/uirthi; mura bhfuil, tugtar riarthóir air/uirthi.

Nuair a ghlacann tú le ról an ionadaí phearsanta, is ról ar feadh an tsaoil é.

Más aturnae thú ag gníomhú mar sheiceadóir, féach próiseas iarratais aturnae.


Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar dheonú ionadaíochta?

Má tá uacht ann

Is féidir leis na seiceadóirí atá ainmnithe san uacht iarratas a dhéanamh.

Mura bhfuil uacht ann

Is féidir leis an neasghaol is gaire iarratas a dhéanamh. Cinneann an tosaíocht seo a leanas cé hé/hí an neasghaol is gaire:

  1. Céile nó páirtí sibhialta
  2. Leanbh
  3. Leanaí linbh a fuair bás roimhe sin
  4. Tuismitheoir
  5. Deartháir nó deirfiúr
  6. Leanaí dearthár nó deirféar a fuair bás roimhe sin
  7. Nianna agus neachtanna
  8. Seantuismitheoirí
  9. Uncailí agus aintíní
  10. Sin-seantuismitheoirí
  11. Aon neasghaol eile den chéim is gaire

Sonraíonn an tAcht Comharbais 1965 agus Rialacha na Cúirte, Ordú 79, Riail 5(1) na rialacha (go mion) a bhaineann le cásanna nach bhfuil uacht ann.

Má tá uacht ann ach níl seiceadóirí ann

Is féidir leis an duine atá ainmnithe san uacht chun iarmhar an eastáit a oidhreacht iarratas a dhéanamh. Is éard atá san iarmhar ná aon chuid den eastát nach bhfuil sainaitheanta go sonrach agus bronnta san uacht.

Sa chás seo, eiseofar Deonú Riaracháin le huacht i gceangal.


Riaradh an eastáit

Nuair a eisítear an deonú, tugann sé teidlíocht dhlíthiúil don ionadaí pearsanta an t-eastát a riaradh. Tar éis fiacha a íoc, lena n-áirítear cánacha, roinntear an t-eastát i measc na dtairbhithe de réir théarmaí na huachta.

Mura bhfuil uacht ann, socraíonn rialacha an chomharbais gan uacht conas a roinntear an t-eastát i measc baill teaghlaigh.

Is féidir na torthaí éagsúla a fheiceáil in orduithe probháide.

Cuid de