Seicliostaí aturnae

Tá an chéim seo d’aturnaetha atá ag déanamh iarratais ar phrobháid thar ceann cliaint. Má tá iarratas pearsanta á dhéanamh agat, féach an treoir d’iarratais phearsanta.

  1. Doiciméid a thiomsú

    Ní mór d’aturnaetha roinnt doiciméad a thiomsú lena gcur san áireamh ina bpacáiste iarratais.

  2. Iarratas a chur isteach

    Ní mór iarratais a chur isteach chuig an Oifig Phrobháide nó chuig an gClárlann Phrobháide Dúiche ábhartha.

  3. Próiseáil an iarratais

    Nuair a chuirtear iarratas isteach, déanfaidh an Oifig Phrobháide nó an Chlárlann Phrobháide Dúiche ábhartha é a phróiseáil.

  4. Deonú a eisiúint

    Nuair a bheidh iarratas próiseáilte go rathúil, eiseofar an deonú ionadaíochta chuig an aturnae thar ceann a gcliaint.

Céim 1 as 4: Doiciméid a thiomsú

Sula dtosaíonn tú ar an bpróiseas iarratais, ní mór duit an doiciméadú riachtanach ar fad a bhailiú.

Is céim thábhachtach luath é faisnéis a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim faoi shócmhainní an duine nach maireann. Cinntigh go gcomhlánaíonn tú an Ráiteas Cúrsaí (SA.2) ar líne ó na Coimisinéirí Ioncaim, nó an Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre (tuilleadh sonraí thíos).

I gcás seanbhásanna — mar shampla, eastáit ó na 1970idí go dtí na 1990idí — d’fhéadfadh sé go n-iarrfadh na Coimisinéirí Ioncaim foirmeacha níos sine (mar shampla Foirm AX nó Foirm D1) in ionad Foirm CA24. Ní mór na foirmeacha seo a iarraidh go díreach ó na Coimisinéirí Ioncaim. Mura bhfuil tú cinnte cén fhoirm a bhaineann leis an mbliain báis, déan teagmháil le Rannóg CAT (Cáin Fháltas Caipitiúil) na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh treorach.

Tá sé ríthábhachtach sraith iomlán doiciméad a chur isteach. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána agus seolfar ar ais iad ón Oifig Phrobháide nó ón gClárlann Phrobháide Dúiche.

Seicliosta iarratais

Féach an seicliosta cuí d’aturnaetha thíos le haghaidh liosta mionsonraithe de na doiciméid a bheidh uait agus na rudaí ba chóir duit a sheiceáil sula gcuireann tú d’iarratas isteach:

Céim 2 as 4: Iarratas a chur isteach

Is féidir le haturnaetha iarratais a sheachadadh de láimh chuig an Oifig Phrobháide nó iad a sheoladh trí DX Rianaithe/An Post Cláraithe. Braitheann an oifig phrobháide a chaithfidh tú a úsáid ar an áit a raibh cónaí ar an duine nach maireann ar dháta an bháis.

  • Má chónaigh an duine nach maireann i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, na Mí nó Chill Mhantáin: ní mór duit d’iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath.
  • Má chónaigh an duine nach maireann in aon chontae eile laistigh de Phoblacht na hÉireann: féadfaidh tú d’iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath nó chuig an gClárlann Phrobháide Dúiche don chontae ina raibh cónaí ar an duine nach maireann.
  • Má chónaigh an duine nach maireann lasmuigh de Phoblacht na hÉireann: ní mór duit d’iarratas comhlánaithe a chur isteach chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath.

Ní mór an táille chuí agus an Fhoirm Fógra Admhála ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur san áireamh le gach iarratas a sheachadtar chuig an Oifig Phrobháide nó chuig an gClárlann Phrobháide Dúiche.

Tábhachtach: Ní mór táillí a stampáil ar an bhFógra Iarratais. Ní féidir linn glacadh le híocaíocht trí bhileog táille.

Táillí iarratais probháide bunaithe ar ghlanluach an eastáit
MírTáille
I gcás nach sáraíonn glanluach an eastáit €100,000€100
I gcás nach sáraíonn glanluach an eastáit €250,000€200
I gcás nach sáraíonn glanluach an eastáit €500,000€350
I gcás nach sáraíonn glanluach an eastáit €750,000€500
I gcás nach sáraíonn glanluach an eastáit €1,000,000€650
I gcás go sáraíonn glanluach an eastáit €1,000,000 – don chéad €1,000,000€650
Ar gach €500,000, nó cuid de, os cionn €1,000,000 i luach€400
Deonú ionadaíochta dúbailte, cessate, neamhriartha nó dúblach€150
Iarratais De Bonis Non€150

Céim 3 as 4: Próiseáil an iarratais

Taispeántar an t-eolas is déanaí ar na hamanna feithimh reatha i gcónaí ar ár leathanach baile probháide. Más gá duit próiseáil thapaite do d’iarratais a iarraidh, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig inar cuireadh an t-iarratas isteach. Ní bhreithneofar próiseáil thapaite ach i gcúinsí eisceachtúla. Ní ghlacfar le díol réadmhaoine mar údar chun measúnú iarratais a luathú.

Seo a leanas céimeanna próiseála an iarratais:

  1. Measúnú iarratais: Má tá gá le ceisteanna a ardú maidir leis an iarratas, seolfar iad tríd an bpost nó trí ríomhphost.
  2. Dréachtú an deontais: Mura bhfuil gá le ceisteanna a ardú, dréachtaítear an deonú agus seoltar é chuig an Oifigeach Probháide le haghaidh ceadú deiridh.
  3. Athsheiceáil iarratais le ceisteanna: Athsheiceáiltear iarratais a raibh ceisteanna iontu nuair a bhíonn na ceisteanna sin réitithe ag an aturnae agus páipéir curtha isteach arís. Má tá gach rud in ord, dréachtaítear an deonú de réir chéim 2.
  4. Seiceáil dheiridh agus ceadú: Seiceáil dheiridh agus ceadú ag an Oifigeach Probháide.
  5. Ullmhú an deontais: Ullmhaítear an deonú lena eisiúint.
  6. Seiceáil dheiridh ar bhacainní: Seiceáil dheiridh ar bhacainní ar lá an eisiúna (uaimhorduithe, iarratais iomaíocha).
  7. Síniú an deontais: Síníonn an tOifigeach Probháide an Deonú Ionadaíochta bunaidh.
  8. Nuashonrú ROS: Nuashonraítear sonraí an iarratais ar ROS le dáta eisiúna an deontais.
  9. An deonú a phostáil: Postáiltear an deonú bunaidh chuig an aturnae.

Céim 4 as 4: Deonú a eisiúint

Nuair a bheidh gach measúnú déanta ar an iarratas, eiseoidh an Oifig Phrobháide nó an Chlárlann Phrobháide Dúiche an deonú ionadaíochta, ar choinníoll nach bhfuil aon bhacainní ann a chuirfeadh cosc ar an deonú a eisiúint.

Seolfar an Deonú Ionadaíochta bunaidh chuig oifig an aturnae tríd an bpost.

Cuid de