Tá an leathanach seo mar chuid den taispeántas An tAcht Oifigigh Cúirte 1926.
Fill ar an taispeántas


Bhuail pleananna tosaigh an Rialtais maidir leis an mBille Oifigigh Cúirte maidir le rialú forleathan ag an Aire ar cheapacháin agus aistrithe foirne sna hardchúirteanna le cáineadh gan mhoill ón bhFreasúra, na Breithiúna agus gairm an dlí.

Bhraith Thomas Johnson, Ceannaire an Fhreasúra, agus é ag labhairt ar an mBille sa Dáil, go ndeachaigh na forálacha rófhada chun tionchar a thabhairt don Rialtas ar chóras na gcúirteanna agus cheistigh sé ar cheart go mbeadh ceapacháin, go háirithe ceapacháin na n-oifigeach sinsearach sna cúirteanna, faoi rogha an Rialtais agus d’fhiafraigh sé ar cheart an fheidhm sin “a choinneáil le modhnú éigin, b’fhéidir, fós i lámha na mBreithiúna...”
D’fhreagair an tAire Dlí agus Cirt, Kevin O’Higgins, “...ní mór briseadh glan a dhéanamh ón gcóras iomlán sin de phátrúnacht mhífhreagrach, pátrúnacht bhreithiúnach, pátrúnacht nach raibh aon fhreagracht ann ina leith don phobal trí aon Pharlaimint...”
Dhiúltaigh an Príomh-Bhreitheamh Kennedy, thar ceann na Cúirte Uachtaraí agus bhreithiúna na hArd-Chúirte, go láidir do na moltaí a cuireadh chun cinn i litir chuig an Aire an 15 Márta 1926, ina raibh cáineadh fadálach ar na forálacha ábhartha - agus go gairid ina dhiaidh sin rinne an Príomh-Bhreitheamh cóip den litir a sheoladh chuig Uachtarán na Comhairle Feidhmiúcháin, W.T. Cosgrave.
Rinne an Príomh-Bhreitheamh soiléir go raibh na Breithiúna d’aon ghuth i dtaca lena dtacaíocht do na bearta sa Bhille chun pátrúnacht bhreithiúnach ar cheapacháin foirne a bhaint, ach go raibh siad in aghaidh an togra chun rialú fhoireann na gcúirteanna a aistriú ón mBreithiúnas chuig an Aire, agus chuir sé síos air mar “...creimeadh ollmhór ar an mBunreacht a dhearbhaíonn neamhspleáchas na mBreithiúna i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna...”
I measc na mbeart a raibh an Príomh-Bhreitheamh ina n-aghaidh bhí na bearta sin a thabharfadh cumhacht don Aire treoir ghinearálta a thabhairt do bhainistíocht na gcúirteanna sinsearacha chun cinneadh a dhéanamh ar líon na n-oifigeach cúirte agus cé a cheapfaí chuig na poist sin. Léirigh sé “tuairim shoiléir d’aon ghnó” na mBreithiúna sinsearacha:
“…the Constitution and the public interest require that the control and direction of the officers of the Courts (but not their appointment) shall rest with the Judges and that once appointed these officers shall not have ministerial interference with their work.”
Gan freagra substainteach a fháil ón Aire, rinne an Príomh-Bhreitheamh a cháineadh a athnuachan go poiblí an 19 Márta in óráid ag dinnéar de chuid Choláiste Ríoga na Máinleá, ag rá:
“…If a certain Bill should be proceeded with in its present form the public should understand that the independence of the Irish Judiciary would have had a very severe blow struck at it.”
Clúdaíodh an óráid go forleathan sa Phreas agus fuair sí tacaíocht ó laistigh de ghairm an dlí, ó fhoireann na gcúirteanna agus i dtuairimí an Phreasa.
Dhiúltaigh an Rialtas an cúrsa a athrú, agus an 23 Márta, thug an tAire O’Higgins freagra ar agóidí an Phríomh-Bhreithimh agus é ag labhairt sa Dáil ar Mheastacháin a Roinne:
“…It is not a corollary to the independence of the Judiciary that the staffs in the public offices attached to the courts shall be lifted above the plane of Parliamentary criticism, shall be immune from comment or criticism in the Parliament of the people; that there shall be no Ministerial control and no responsibility to the electorate, through their representatives, in respect of that important branch of public administration…”
É sin ráite, chuir sé in iúl go raibh aird tugtha ag an Rialtas ar bhuarthaí an Phríomh-Bhreithimh - ag fógairt go mbeadh leasuithe á dtabhairt chun cinn aige a d’eascródh as na huiríll a rinne na Breithiúna.
Leis na leasuithe, ionchorpraíodh nó athbhunaíodh ról do na Breithiúna sinsearacha i soláthar foirne agus i ngnó a gcúirteanna, lena n-áirítear -
- dul i gcomhairle leis an bPríomh-Bhreitheamh agus le hUachtarán na hArd-Chúirte sula ndéanfadh an tAire Dlí agus Cirt agus an tAire Airgeadais cinntí maidir le líon na foirne do na hoifigí cúirte a bhí bainteach leo faoi seach, agus maidir le hidirmhalartacht foirne idir na hoifigí sin
- údarás an Phríomh-Bhreithimh a athbhunú chun dlíodóirí, dochtúirí, cuairteoirí agus daoine eile a ainmniú agus a choinneáil i bhfeidhmiú na dlínse ar choimircithe fásta agus ar mhionaoisigh
- cumhachtaí na mBreithiúna a chaomhnú chun ceantálaithe, glacadóirí, leachtaitheoirí agus saineolaithe eile a cheapadh le haghaidh cásanna aonair os a gcomhair
B’fhéidir gurbh é an leasú ba shuntasaí alt nua - dar teideal Caomhnú rialú breithiúnach ar ghnó na gcúirteanna, a rinneadh d’alt 65 den Bhille mar a achtaíodh é, agus a ndearna fo-ailt (1) agus (2) foráil mar seo a leanas:
- Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo dochar ná difear do rialú aon bhreithimh nó aon ghiúistís ar stiúradh ghnó a chúirte.
- Nuair a bhíonn oifigeach atá ceangailte le haon chúirt ag gabháil do dhualgais a bhaineann le gnó na cúirte sin nach mór, de réir an dlí atá i bhfeidhm de thuras na huaire, a dhéanamh ag breitheamh nó os comhair breithimh nó faoi ordú breithimh nó breithiúna na cúirte sin, comhlíonfaidh sé agus géillfidh sé do gach treoir a thugann an breitheamh nó na breithiúna sin dó.
Go suntasach, cuireadh na leasuithe ar fáil don Phríomh-Bhreitheamh Kennedy roimh ré agus, tar éis dó dul i gcomhairle lena chomhghleacaithe breithiúnacha, chuir sé a shástacht fhoriomlán in iúl don Aire leo - go háirithe gur aithin siad “prionsabal an rialaithe bhreithiúnaigh ar ghnó breithiúnach.”