Tá an leathanach seo mar chuid den taispeántas An tAcht Oifigigh Cúirte 1926.
Fill ar an taispeántas
Na Ceithre Cúirteanna i bhfothracha tar éis thús an Chogaidh Chathartha i mí an Mheithimh 1922 (Chartlann Ailtireachta na hÉireann)
Ní raibh éifeacht ag athchóirithe na Státseirbhíse ar riarachán na gcúirteanna in Éirinn tráth na saoirse - comórtas oscailte do phoist ar leibhéal iontrála, coinníollacha caighdeánaithe seirbhíse, cóid araíonachta agus ardú céime bunaithe ar fhiúntas - a tugadh isteach sa Ríocht Aontaithe i lár an 19ú haois. Rinneadh roinnt mhaith ceapacháin foirne, go háirithe ag an leibhéal sinsearach, tríd na córais pátrúnachta reachtaíocht-bhunaithe a ndearnadh tagairt chuige ní ba luaithe. Bhí oifigí cúirte i mBaile Átha Cliath agus sna Cúigí ag feidhmiú go neamhspleách den chuid is mó, agus bhí idirmhalartacht na foirne idir oifigí agus deiseanna le haghaidh dul chun cinn gairme teoranta.
Mar gheall ar éirí as oifigigh chúirte a ceapadh faoi réimeas na Breataine arbh fhearr leo an cúiteamh a ráthaítear dóibh faoin gConradh Angla-Éireannach a ghlacadh, seachas fónamh faoin riarachán neamhspleách nua, agus mar gheall ar urscaoileadh oifigeach eile ag an Rialtas nua, cailleadh taithí agus saineolas ríthábhachtach. Roghnaigh daoine eile dul isteach i gCúirt Uachtarach Thuaisceart Éireann nuair a cuireadh deireadh leis an gCúirt Uachtarach Bhreithiúnais in Éirinn leis an Acht um Rialú na hÉireann 1920 agus dhá dhlínse a chruthú do Dheisceart Éireann agus do Thuaisceart Éireann.
Bhí buiséid na gcúirteanna teoranta mar gheall ar an damáiste a bhí déanta d'airgeadas poiblí an Stáit nua mar thoradh ar Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad le déanaí, mar gheall ar an staid eacnamaíoch dheacair sa tír ar an iomlán, agus mar gheall ar an laghdú ar chaiteachas poiblí.
Mar a tharla i gcás go leor de bhonneagar poiblí na tíre, bhí drochthionchar ag Cogadh na Saoirse agus níos déanaí ag Cogadh na gCarad ar thithe cúirte agus ionaid cúirteanna gearra ar fud na tíre. Rinneadh damáiste nó scriosadh thart ar 88 teach cúirte ar fud na tíre le linn Chogadh na Saoirse agus faoi dheireadh mhí Lúnasa, 1922, bhí 13 teach cúirte ar a laghad scriosta lasmuigh de Bhaile Átha Cliath sa chéad dá mhí de Chogadh na gCarad. Go suntasach, bhí na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath - príomhshuíomh an cheartais - i bhfothracha ag deireadh mhí an Mheithimh 1922, tar éis dóibh a bheith mar bhunáit na bhfórsaí Frith-Chonartha nuair a cuireadh tús le Cogadh na gCarad. Ní athlonnófaí oifigí na cúirte sna Ceithre Cúirteanna go dtí go gcríochnófaí an t-athchóiriú i 1931.
Is sampla é Contae Loch Garman de chontae a raibh tionchar an-dona air. Rinne an IRA an seanteach cúirte i mbaile Loch Garman, a tógadh in 1806, a dhó ar 18 Meitheamh 1921. Trí mhí roimhe sin, scriosadh teach cúirte na gcúirteanna gearra ag Baile Artúir. Le linn Chogadh na gCarad, d'úsáid an IRA frith-Chonartha teach cúirte Inis Córthaidh mar bhunáit go luath i mí Iúil 1922, agus tréigeadh é i lasracha agus iad ag tarraingt siar. Dódh Teach Cúirte Ghuaire ag fórsaí frith-Chonartha go luath i mí Iúil 1922.
Dúshlán eile a bhí ann ná deireadh a chur leis an gcóras cúirteanna comhthreomhar a bhí á fheidhmiú ag Dáil Éireann le linn Chogadh na Saoirse - a foirceannadh idir mí Iúil agus mí Dheireadh Fómhair 1922. Bhí roinnt mhaith d'fhoireann chúirteanna Dháil Éireann ag súil - arna spreagadh ag an Rialtas - le poist riaracháin a fháil, go háirithe ag leibhéal na Cúirte Dúiche, sna cúirteanna nua.
Fill ar an taispeántas An tAcht Oifigigh Cúirte 1926
