Sannacháin Bhreithiúna na hArd-Chúirte - Téarma na Féile Michíl  2026

Assignment of High Court Judges  Michaelmas Term 2026

Tá na breithiúna seo a leanas den Ard-Chúirt sannta ag Uachtarán na hArd-Chúirte le bheith ina Bhreitheamh i bhfeighil ar na liostaí Ard-Chúirte seo a leanas do Théarma na Féile Michíl 2026:

  • Uachtarán na hArd-Chúirte, Breitheamh don Liosta Eadrána, Liosta Coimircíochta, Liosta Araíonachta Gairmiúla agus Liosta Dlínse Bhunúsach (Cumas)
  • An Breitheamh McDermott, Breitheamh i bhfeighil ar an bPríomh-Chúirt Choiriúil, Eiseachadadh agus Bannaí
  • An Breitheamh Hunt, Breitheamh i bhfeighil ar an gCúirt Choiriúil Speisialta
  • An Breitheamh Coffey, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Díobhálacha Pearsanta agus ar an Liosta Díobhálacha Cliniciúla
  • An Breitheamh Gearty, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Athbhreithniú Breithiúnach/Neamhghiúiré agus ar na Liostaí Tearmainn, Inimirce agus Saoránachta
  • An Breitheamh Cregan, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Seansaireachta
  • An Breitheamh Roberts, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Tráchtála
  • An Breitheamh Humphreys, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Pleanála agus Comhshaoil
  • An Breitheamh Jackson, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Teaghlaigh agus Liosta Choinbhinsiún na Háige Lucsamburg
  • An Breitheamh Jordan, Breitheamh i bhfeighil ar an Liosta Mionaoisigh gCúram Speisialta
  • An Breitheamh O’Connor, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Giúiré Sibhialta
  • An Breitheamh Cahill, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Dócmhainneachta Pearsanta
  • An Breitheamh Barrett, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Iomaíochta
  • An Breitheamh Stack, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Probháide
  • An Breitheamh Reynolds, Breitheamh atá i bhfeighil ar Liosta Cúitimh an Gharda Síochána
  • An Breitheamh Kennedy, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Féimheachta agus Liosta an Scrúdaitheora
  • An Breitheamh Kennedy agus an Breitheamh O. Quinn Breithiúna atá i bhfeighil ar Liosta an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla
  • An Breitheamh Simons, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Breithnithe (An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013)
  • An Breitheamh Mulcahy, Breitheamh atá i bhfeighil ar an Liosta Dícháiliúcháin Stiúrthóirí
  • An Breitheamh M. Quinn, an Breitheamh Ferriter, an Breitheamh Mulcahy, an Breitheamh Kennedy agus an Breitheamh Cahill Breithiúna sannta ag an Uachtarán chun éisteacht le cúrsaí Scrúdóireachta
  • An Breitheamh Mulcahy, Breitheamh atá sannta chun déileáil le hábhair Aimiréalachta
  • An Breitheamh O’Regan, Breitheamh atá sannta chun déileáil le cúrsaí Chlárlann na Talún
  •  An Breitheamh Brett, Breitheamh i bhfeighil ar an Liosta Toghairmeacha Speisialta Seansaireachta

2 Deireadh Fómhair 2026
An Breitheamh David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte 

Cuid de

Foilsitheoir

Dlínse

  • High Court