Foláireamh maidir le Glaonna Fóin Calaoiseacha

Tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuil daoine den phobal ag fáil glaonna calaoiseacha ó uimhir a ligeann orthu féin gurb iad na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBaile Átha Cliath iad.

Tá an glaoiteoir ag rá gur ball de na Gardaí é, ag rá gur goideadh aitheantas an duine agus go bhfuil cúisimh choiriúla agus fíneálacha ina n-ainm. Tá ainm agus uimhir aitheantais bhréagach an Gharda Síochána á soláthar ag an gcalaoiseoir. Tá siad ag lorg sonraí PSS, bainc nó cárta creidmheasa.

Ní chuirfidh an tSeirbhís Chúirteanna glaoch ar aon duine riamh a iarrann sonraí PPS, sonraí baincéireachta nó sonraí cárta creidmheasa

Má fhaigheann tú glao den sórt sin, le do thoil:

  • Ná bí ag plé leis an té atá ag glaoch
  • Ná roinn aon chuid de d'Uimhir PPS, sonraí cárta creidmheasa, sonraí cárta bainc, sonraí cuntas bainc, nó aon eolas pearsanta eile leo.

Cuid de

Foilsitheoir

Dlínse

  • High Court
  • District Court
  • Court Of Appeal
  • Circuit Court