An Chúirt Uachtarach

Foireann Tacaíochta

Foireann Tacaíochta

Faigheann an Chúirt Uachtarach tacaíocht ó na hoifigí agus na comhlachtaí seo a leanas agus a cuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aici.

Supreme Court Registrar

The position of Supreme Court Registrar is a statutory one. The Registrar has superintendence and control of the Office of the Supreme Court and is responsible to the Chief Justice for the business of the Court transacted in the Office. They are also subject to the general direction of the Courts Service for matters of general administration. The Registrar of the Supreme Court is Ms. Mary Kelly.

Oifig na Cúirte Uachtaraí

Cuireann Oifig na Cúirte Uachtaraí tacaíocht riaracháin agus clárlainne ar fáil don Chúirt Uachtarach. Tá oifig phoiblí aici ina gcomhdaítear cáipéisíocht a bhaineann le hachomhairc agus iarratais ar chead achomhairc. Faigheann an Cláraitheoir tacaíocht ó Chláraitheoir Cúnta agus seachtar ball foirne breise.

Ceanglaítear leis na Rialacha Cúirte go n-ullmhófar gach iarratas, achomharc agus ní eile os comhair na Cúirte Uachtaraí lena n-éisteacht nó lena gcinneadh ar bhealach atá cóir, gasta, agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí a íoslaghdú. I ndáil leis sin, tá an Oifig agus a foireann freagrach as na feidhmeanna seo a leanas:

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chomhdúcháin agus ar dhoiciméid maidir le comhlíonadh rialacha agus chleachtas na Cúirte;
  • Bainistiú a dhéanamh ar iarratais ar chead achomhairc agus achomhairc chun a chinntiú go ndéantar dul chun cinn cothrom agus éifeachtúil orthu;
  • Iarratais agus achomhairc le haghaidh éisteachta a liostú;
  • Cinntí agus breithiúnais na Cúirte a eisiúint agus a fhoilsiú;
  • Orduithe ón gCúirt a dhréachtú agus a thabhairt chun críche;
  • Téacs an Bhunreachta ina bhfuil leasuithe (de réir Airteagal 25.5.2° den Bhunreacht) agus Achtanna rollaithe an Oireachtais (de réir Airteagal 25.4.5° den Bhunreacht) a chlárú;
  • Próiseáil a dhéanamh ar iarratais a bheidh le ceapadh mar nótaire poiblí nó mar choimisinéir mionnaí;
  • Sínithe nótairí nó coimisinéirí ar dhoiciméid dhlíthiúla atá le húsáid in Éirinn nó i ndlínsí eile a fhíordheimhniú; agus
  • Tacú le feidhmeanna prótacail lena n-áirítear an Príomh-Bhreitheamh do mhionnú breithiúna nua agus glaonna chuig Barra na hÉireann.

Office of the Chief Justice

The Office of the Chief Justice is responsible for providing judicial support services to the Supreme Court. These support services include:

  • Provision of support to the Chief Justice with his constitutional, statutory and other leadership functions;
  • Provision by judicial assistants, secretaries and ushers of legal, administrative and court-going support to members of the Supreme Court;
  • Secretariat support for boards, meetings and working groups led by the Chief Justice;
  • Delivery of communication, outreach and education programmes for the Supreme Court;
  • Coordination of the international relations work of the Supreme Court;
  • Making protocol and organisational arrangements for events and ceremonies associated with the Supreme Court.

The Courts Service conducts regular open competitions for the recruitment of judicial assistants.

Judicial Assistants and Ushers

Judges of the Supreme Court are supported by judicial assistants and a small number of ushers.

  • Judicial assistants provide legal research assistance, practical assistance, assist in the proofreading of judgments, and prepare judgment summaries prior to delivery.
  • Ushers provide court-going and practical assistance to members of the Supreme Court.

For more information on the work carried out by Judicial Assistants, please see 'A day in the life of a Supreme Court judicial assistant' in the Supreme Court Annual Report 2021 . The Courts Service conducts regular open competitions for the recruitment of Judicial Assistants.

Oibríochtaí na Cúirte Uachtaraí

Déanann Stiúrthóireacht Oibríochtaí na nUaschúirteanna maoirseacht ar sholáthar tacaíochta riaracháin agus oibríochta don Chúirt Uachtarach, don Chúirt Achomhairc agus don Ard-Chúirt. Tá an Stiúrthóireacht freagrach freisin as na hoifigí a ghabhann leis na cúirteanna sin agus as an bhfoireann a bhaineann le gach oifig, lena n-áirítear Oifig na Cúirte Uachtaraí agus Oifig an Phríomh-Bhreithimh.

An tSeirbhís Cúirteanna

Is fostaithe de chuid na Seirbhíse Cúirteanna iad an fhoireann go léir a thacaíonn leis an gCúirt Uachtarach, arb í an ghníomhaireacht neamhspleách reachtúil í atá freagrach as riarachán agus bainistiú na gcúirteanna go léir in Éirinn. Bunaithe de bhun an Achta um Sheirbhís Chúirteanna 1998, bainistíonn an tSeirbhís Chúirteanna gach gné de ghníomhaíochtaí cúirte seachas feidhmeanna breithiúnacha agus riar an cheartais, ar ábhair iad a bhaineann leis na breithiúna amháin.